Cúnnla

Gaelic Version

 

Cé hé siúd thíos 'tá ag leagadh na gclaíochaí?

 Mise mé féin" a deir Cúnnla.

Curfá A Chúnnla a chroí ná tar níos goire dhom!

Go deimhin muise tiocfaidh! a deir Cúnnla.

Cé hé siúd thíos 'tá ag buaileadh na fuinneoige?

Mise mé féin" a deir Cúnnla.

Cé hé siúd thíos 'tá ag fadú na tine dhom?

Mise mé féin" a deir Cúnnla.

Cé hé siúd thíos 'tá a' cur uisce sa gciteal dhom?

Mise mé féin" a deir Cúnnla.

Cé hé siúd thíos 'tá ag tarraingt na pluide dhíom?

Mise mé féin" a deir Cúnnla.

Cé hé siúd thíos 'tá ag tochas mo bhonnachaí?

Mise mé féin" a deir Cúnnla.